I dtaobh na bliana acadúla 2020/2021, déanfar measúnú ar d’iarratas ar bhonn ollioncam ó gach foinse don tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019.
Má tháinig athrú ar do chúinsí féin ná ar chúinsí duine mhuinteartha leat ón 1 Eanáir 2020 i leith, áfach, féadfaidh tú ríomhphost a sheoladh chuig support@susi.ie le hiarraidh go ndéanfaí d’iarratas a mheasúnú/athmheasúnú faoi athrú ar chúinsí. Bíodh ‘Athrú ar Chúinsí’ agat i líne an ábhair.
Chun iarratas a dhéanamh ar athrú ar chúinsí a bhaineann le hioncam, ní foláir go leanfaidh an titim san ioncam ar aghaidh ar feadh ré an chúrsa nó go ceann i bhfad. Déanfar ioncam na bpáirtithe uile san iarratas, lena n-áirítear an duine / na daoine a d’fhulaing an t-athrú diúltach, a mheas / athmheasúnú ar an mbliain reatha (2020) agus féadfar go n-iarrfar orthu fianaise a sholáthar ar ioncam na bliana reatha (2020). Má tharlaíonn an t-athrú i rith na bliana acadúla, tiocfaidh aon dámhachtain nó coigeartú deontais i bhfeidhm ón mí a tharla an t-athrú.
Nuair a dhéanann tú iarratas agus/nó nuair a thugann tú athrú ar chúinsí nach mbaineann le hioncam le fios, faoi mar atá sonraithe thuas, iarrfar ort fianaise dhoiciméadach a sholáthar do SUSI chun ligean dúinn measúnú a dhéanamh ar d’iarratas chun an t-athrú dearbhaithe ar chúinsí a fhiosrú.