Aisíocaíochtaí
Beartas Aisíocaíochtaí
Sa chás go ndéantar aon deontas a ró-íoc, ní mór do SUSI aisíocaíocht a lorg uaitse, an mac léinn. D’fhéadfadh an deontas cothabhála agus ranníocaíocht an mhic léinn nó táillí eile a íoctar le hinstitiúid ar do shon a bheith i gceist le ró-íocaíocht.
Caithfidh SUSI le gach cás ar a fhiúntais féin agus oibreoidh siad leat chun téarmaí comhaontaithe aisíocaíochta a bhaint amach ar an mbonn seo.
Tabharfar faoi ró-íocaíochtaí a aisghabháil i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
- Alt 24(1-3) den Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn, 2011
- An t-airteagal ábhartha den Scéim Deontais do Mhic Léinn den bhliain acadúil ábhartha
Próiseas Aisíocaíochta
Nuair a chuirtear ró-íocaíocht ar shúile SUSI, déanfaidh SUSI an méid seo a leanas:
- scríobh chugat agus thú a chur ar an eolas ar an gcinneadh chun méid do dheontais a athrú nó chun bronnadh do dheontais a chealú agus thú a chur ar an eolas go mbeidh gá leis an ró-íocaíocht a aisghabháil (a aisíoc).
- ansin scríobhfar chugat, an mac léinn, ina gcuirfear ar an eolas go foirmiúil thú ar mhéid na ró-íocaíochta agus ina n-iarrfar aisíocaíocht.
- a chur san áireamh leis an litir seo, Foirm um Roghanna Aisíocaíochta Deontais a lorgóidh sonraí faoi do rogha bheartaithe aisíocaíochta agus ba cheart an fhoirm seo a shíniú agus a sheoladh ar ais chuig SUSI laistigh de dhá sheachtain. Tá SUSI sásta le comhaontú a dhéanamh ar réimse roghanna aisíocaíochta, ach cuirfimid faoi deara go ndéantar íocaíocht íosta, áfach.
Grant Repayment Form Option 1
Overpayment Form Option 2
A luaithe is a sheolfaidh tú d’Fhoirm um Roghanna Aisíocaíochta Deontais ar ais ina bhfuil téarmaí aisíocaíochta a mheasann SUSI atá inghlactha, eiseofar Ráiteas ar Théarmaí agus Coinníollacha Comhaontaithe duit ina ndeimhneofar an méid seo a leanas
- An méid iomlán atá le haisíoc
- Líon, méid agus minicíocht na dtráthchodanna atá le haisíoc
- Sonraí Bainc SUSI, faoi mar is cuí
Nuair a fhaigheann SUSI an íocaíocht deiridh, eiseofar deimhniúchán go bhfuarthas gach íocaíocht a bhí dlite.