Gearáin

Gearáin

Gearáin

Is é aidhm SUSI an tseirbhís caighdeán is airde agus is féidir a sholáthar do gach duine den phobal a dteastaíonn ár seirbhísí uathu. Is é ár n-aidhm an beart a dhéanamh i gceart “an chéad uair, gach uair”. Aithnímid, áfach, uaireanta, go bhféadfadh fadhbanna teacht aníos agus teastaíonn uainn go gcuirfeá ar an eolas sinn nach bhfuil tú sásta leis an tseirbhís a sholáthraíomar. Ansin is féidir linn oibriú chun an tsaincheist a cheartú agus cosc a chur ar a tharlú arís.

Deimhnímid go gcaithfimid le do ghearán mar ábhar tromchúiseach agus go ndéileálfaimid leat ar bhealach dearfach agus gairmiúil. Caithimid le haon ghearán mar dheis chun athbhreithniú agus feabhas a chur ar ár seirbhísí.

Cad is gearán ann?

Is éard atá i gceist le gearán ná nuair a chuireann tú ar an eolas sinn nach bhfuil tú sásta le haon réimse den tseirbhís a sholáthraímid. 

Ní chlúdaíonn an próiseas Gearán míshástacht le toradh iarratas ar dheontas. Mura bhfuil tú sásta le toradh d’iarratais ar dheontas, ba cheart duit an próiseas athbhreithnithe agus/nó achomharc a leanúint.

Ár dTiomantas Duit

Tugtar cuntas inár gCairt Seirbhíse do Chustaiméirí ar conas atáimid tiomanta do thús áite a thabhairt duit agus an tseirbhís do chustaiméirí a bhaineann an caighdeán is aired agus is féidir amach a sholáthar.

Áirítear leis seo déileáil le haon ghearáin a d’fhéadfadh a bheith agat. Déanfaimid an méid a leanas;

  • déileáil le do ghearán go gairmiúil, go cóir agus ar an mbealach is tapúla agus is féidir.
  • coimeádfaimid ar an eolas thú ar stádas do ghearáin agus déanfaimid gach rud is féidir linn chun cabhrú leat.
  • caithfimid go rúnda leis an bhfaisnéis go léir a thugann tú dúinn.
  • míneoimid ár gcinneadh; agus
  • úsáidfimid do ghearán chun athbhreithniú a dhéanamh agus feabhas a chur ar an mbealach a sholáthraímid seirbhísí.

Déileáiltear le gach gearán leis an rúndacht is déine agus ní dhéanann siad difear don cheart atá agat chun gearán breise a dhéanamh leis an Ombudsman 

An Próiseas Gearán

Sonraigh do ghearán

Beidh ort cineál do ghearáin a shonrú faoi mar a dhéantar sna samplaí thuas nó aon saghas eile shaincheist a shonrú a d’fhéadfadh a bheith agat leis an tseirbhís a soláthraíodh duit.

Gearán Neamhfhoirmiúil a Dhéanamh

Ar dtús déanfaimid iarracht déileáil le do ghearán go neamhfhoirmiúil. Ciallaíonn sé seo gur chóir duit dul i dteagmháil leis an deasc tacaíochta a shocróidh go ndéanfaidh maoirseoir athbhreithniú ar do ghearán a dhéanfaidh a dhícheall do ghearán a réiteach gan gá le dul ar aghaidh níos faide.

Gearán Foirmiúil a Dhéanamh

Más rud é, tar éis duit gearán neamhfhoirmiúil a thionscnamh, go bhfuil tú fós míshásta is féidir leat gearán foirmiúil a dhéanamh le SUSI agus déileálfaidh ár bhfoireann Gearán leis.

Is féidir gearán foirmiúil a dhéanamh trí ríomhphost a chur chuig complaints@susi.ie

Ansin déanfaimid an méid seo a leanas

  • Do ghearán a fhiosrú
  • Aon ghníomh riachtanach a ghlacadh
  • Teagmháil a dhéanamh leat laistigh de 28 lá oibre (tar éis an dáta aitheanta nuair a eisíodh uimhir thagartha do ghearáin duit) chun tú a chur ar an eolas ar thoradh do ghearáin agus chun míniú a thabhairt ar ár gcinneadh.

Má ghlacann do ghearán níos faide le fiosrú, scríobhfaimid chugat agus cuirfimid thú ar an eolas faoi cathain a gheobhaidh tú freagra.

Oifig an Ombudsman / Oifig an Ombudsman do Leanaí

Mura bhfuil tú sásta lenár gcinneadh ar do ghearán, is féidir do ghearán a chur ar aghaidh chuig Oifig an Ombudsman nó chuig Oifig an Ombudsman do Leanaí má tá tú faoi bhun 18 mbliana d’aois.  Is féidir leis na hOifigí seo gearáin a fhiosrú faoi aon cheann dár ngníomhartha riaracháin nó nósanna imeachta chomh maith le moilleanna nó easpa gnímh maidir le déileáil linn.

Oifig an Ombudsman

Tá Oifig an Ombudsman cothrom, neamhspleách agus saor le húsáid. Lorgóidh an tOmbudsman sonraí faoi do ghearán agus cóip dár bhfreagra deiridh ar do ghearán. Is féidir gearáin a dhéanamh trí:

  • Cliceáil ar an nasc Déan Gearán ag ombudsman.ie.
  • Nó scríobh chuig: Oifig an Ombudsman, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773.
  • Nó glaoch a chur ar an Ombudsman ar 01 639 5600 má tá aon cheist agat nó má tá cabhair uait chun do ghearán a dhéanamh.

Oifig an Ombudsman do Leanaí

Soláthraíonn Oifig an Ombudsman do Leanaí seirbhís láimhseála gearán atá neamhchlaonta, neamhspleách agus saor in aisce.  Is féidir le haon duine faoi bhun 18 mbliana d’aois gearáin a dhéanamh go díreach nó is féidir le daoine fásta gearáin a dhéanamh thar ceann leanaí agus daoine óga eile. Lorgóidh an tOmbudsman sonraí faoi do ghearán agus cóip dár bhfreagra deiridh ar do ghearán. Is féidir gearáin a dhéanamh trí:

  • An fhoirm ghearáin ar líne a chomhlánú ag oco.ie.
  • Nó ríomhphost a sheoladh chuig ococomplaint@oco.ie
  • Nó scríobh chuig: Oifig an Ombudsman do Leanaí, Teach na Mílaoise, 52-56 Sráid Mhór na Trá, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P8.
  • Nó glaoch a chur ar an Ombudsman ar 1800 20 20 40.

Tuairimí agus Moltaí

Anuas ar fhoghlaim ó ghearáin, ba mhaith linn dá gcuirfeá ar an eolas sinn faoi aon smaointe a d’fhéadfadh a bheith agat chun cabhrú linn feabhas a chur ar ár seirbhísí. Féadfaidh tú seo a dhéanamh trí chomhalta foirne a chur ar an eolas faoi do thuairim nó moladh, ach scríobh chugainn nó an fhoirm tuairimí agus moltaí ar líne atá ar ár leathanach gréasáin a chomhlánú.